ÁR MISEAN

Iarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, chun an deis a thabhairt do pháistí oideachas a fháil i nGaeilge tríd an tumoideachas.

‘Beatha teanga í a labhairt’

Is iarbhunscoil chomhoideachais saor ó tháillí atá beartaithe do Ghaelcholáiste Mhaigh Eo, scoil a bheidh dírithe ar an tumoideachas lán-Ghaeilge. Is é an misean atá againn sároideachas a chur ar fáil agus ár ndaltaí a threorú chun go ndéanfaidh siad a láidreachtaí féin agus raon leathan scileanna a fhorbairt. Táimid tiomanta don teagasc a sholáthar ar ardchaighdeán sna príomhábhair, lena n-áireofar teangacha, na daonnachtaí, na healaíona, teicneolaíochtaí, na heolaíochtaí, ceol, spóirt agus cultúr. Cothófar timpeallacht láidir, ionchuimsitheach, chairdiúil, mheasúil agus chomhbhách i nGaelcholáiste Mhaigh Eo, chun deis a thabhairt do gach dalta a bheith faoi bhláth agus faoi rath.

ÉITEAS NA SCOILE

Beidh éiteas lán-Ghaeilge ag Gaelcholáiste Mhaigh Eo, áit a mbeidh cur chuige iomlán tumthach maidir le labhairt na Gaeilge mar theanga nádúrtha an lae agus leagfar béim ar chur chun cinn na ngnéithe uathúla saibhre a bhaineann lenár gcultúr agus lenár luachanna. Cuimseoidh éiteas Ghaelcholáiste Mhaigh Eo ionchuimsitheacht de gach cineál - reiligiúnach agus neamhreiligiúnach - mar chuid de spiorad cultúrtha na scoile.

AN FEACHTAS

In 2020, ba iad Emer Mayock agus Frainc Ó Clochartaigh a chuir tús leis an bhfeachtas chun iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i gCaisleán an Bharraigh. Tá páistí ag an mbeirt acu ag freastal ar Ghaelscoil Raifteirí, bunscoil tumoideachais Ghaeilge a bunaíodh ar an mbaile dhá scór bliain ó shin.
Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, níl deis ag páistí an cheantair a fhaigheann a mbunoideachas i nGaeilge leanúint ar aghaidh agus a meánoideachas a fháil ar an gcaoi chéanna i bpríomhbhaile an chontae.

I mí Feabhra 2020, reáchtáladh cruinniú tionscnaimh i gCaisleán an Bharraigh agus chuir Emer agus Frainc eolas i láthair faoi chúlra agus faoi chuspóir an fheachtais, faoi na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge agus faoin riachtanas go gcuirfí an cineál sin oideachais ar fáil sa phobal.

Cruthaíodh plé dearfach sa chruinniú maidir le bunú Gaelcholáiste - tumoideachas lán-Ghaeilge dara leibhéal - i gCaisleán an Bharraigh agus léiríodh suim mhór sa tionscnamh. Reáchtáladh an cruinniú sin díreach sular cuireadh tús leis an bpaindéim.

Ó shin i leith, tá Freda Nic Giolla Chatháin agus Thérèse Ruane tagtha ar bord agus iad ag obair le hEmer agus le Frainc chun an feachtas seo a thiomáint chun cinn, iad ag bailiú eolais faoi fheachtais eile cosúil leis an gceann seo a reáchtáladh in áiteanna eile ar fud na hÉireann, áit a bhfuil an tumoideachas Gaeilge ag leibhéal meánscoile ag cur go mór le creatlach shóisialta na mbailte agus na gcathracha ina bhfuil siad lonnaithe.

Tá eagraíochtaí náisiúnta ag seasamh leis an bhfeachtas seo agus ag tacú leis, ina measc An Foras Pátrúnachta, Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas.

D’éirigh leis an bhfeachtas seo a chinntiú go mbeadh bunú an Ghaelcholáiste mar chuid de Phlean Teanga Chaisleán an Bharraigh, plean atá faofa ag an Roinn agus Caisleán an Bharraigh ag feidhmiú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Reáchtálfar cruinniú poiblí, Dé Céadaoin, 22 Feabhra 2023 in Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh ar a 7.00pm. Beidh an cruinniú ar oscailt don phobal agus mar chuid den ócáid, beidh aoichainteoirí ag labhairt agus déanfar cur i láthair a thabharfaidh eolas tábhachtach do thuismitheoirí, d’eagraíochtaí, don rialtas áitiúil agus don phobal i gcoitinne maidir le bunú Gaelcholáiste i gCaisleán an Bharraigh.

Ailt agus agallaimh sna meáin

Mayo News
04/08/23
Connaught Telegraph
01/08/23
Lunchtime news
Midwest Radio - 01/08/23
Connaught Telegraph
14/03/23
Connaught Telegraph
28/02/23
Western People
28/02/23
Connaught Telegraph
26/02/23
Iris Aniar
Raidió na Gaeltachta - 23/02/23 [Tosú 08:18]
The Tommy Marren Show
Midwest Radio - 20/02/23
The Grapevine - CRCfm
Aidan Crowley - 15/02/23
Mayo News
15/02/23
Ar Mhuin na Muice
Raidió na Life & Near FM - 14/02/23
Eachtraigh Dom
Raidió na Gaeltachta - 13/02/23  [Tosú 32:30]
Mayo Advertiser
10/02/23
Nuacht TG4
09/02/23
Connaught Telegraph
08/02/23
Irish Times - 06/02/23
Tuarascáil - Éanna Ó Caollaí
Iris Aniar
Raidió na Gaeltachta - 03/02/23
Tuairisc
12/01/23
Céapar na Céadaoine
Raidió na Gaeltachta - 11/01/23  [Tosú 24:06]
English